Tá éileamh á dhéanamh ag Ógra ****nn Féin ar Rialtas na 26 Chontae cead a
thabhairt do vótóirí na 6 Chontae vótáil i dToghchán na hUachtarántachta
2004.
Mar choiscéim i dtreo athaontaithe na tíre, creidtear dúinn go bhfuil sé
de
cheart ag daonra na 6 Chontae bheith ar aon chéim le muintir na 26 Chontae
chun Uachtarán a roghnú don tír uilig.
Faoi láthair, tá Uachtarán againn a rugadh i mBéal Feirste ach ní
cheadaítear dá comharsana ansin ná ar fud na 6 Chontae, vótáil ar a son!
Bheadh sochaí níos cuimsithí ann dá gceadófaí do vótóirí uilig na hÉireann
vótaí a chaitheamh i dToghchán na hUachtarántachta. Beidh Uachtarán
fíor-ionadaíoch againn in Éirinn chomh luath agus a dtugtar cead vótála
dúinn uilig.
Tacaigh leis an fheachtas Uachtarán do Chách. Brúigh anseo chun an achainí
ar líne a shíneadh.
www.apresidentforall.com
--
[Posted at boards.ie]
http://www.boards.ie/
Ireland's Bulletin Boards, News Groups, Chat Rooms
After Hours - Games - Technology - Work - For Sale