Cén fath nach labhraíonn daoine anseo? Tá fhios agam go bhfuil Gaelgóirí
anseo, chonacas sibh ag caint sa teachtaireacht deireanach!
An easpa ábhair é an fadhb? Tosóidh mé mar sin, cé hiad na leabhair
Gaeilge
is fearr agus is measa a léigh sibh riamh? Dom féin, b'fhearr liom Jímín,
agus le cúnamh Dé beidh mé ábalta "Rince ar na Ballaí" a léamh lá éigin
(leabhar den scoth atá ann le caighdeán deas muiníneach Gaelige scíofa ag
Dermot Somers).
Ar an taobh eile, rinne mé staidéar ar Dúnmharú ar an Dart don Teastas
Shóisearach agus Toraíocht Dhiarmada agus Ghráinne den ArdTeist agus bhí
siad go h-annis. D'aimsíodh Dúnmharú ar an Dart ar daoine óga, agus bhí sé
soiléar go raibh an t-údar ag iarraidh bheith "cool" agus "with-it", agus
theip glan ar an dúradán. Ochón an lá a bhain mo mhúinteoir amach é! ;)
An Toraíocht, bhuel, scríobh duine éigin é i 1100, sa mhean-Gaeilge,
teanga
eile ar fad ar fad a bhí inti. D'eiríomar san ArdTeist, ach níor
bhaineamar
aon sult as, agus níos measa, níor tháinig aon feabhas ar ár gcuid Gaeilge
mar thoradh.
Tá fhios agam go bhfuil mo rialta féin á bhris agam, agus mar sin is
féidir
libh iad a bhriseach chomh maith!
--
Brian


|