Fáilte mhór, a bhráithre
Seán Ó hÉalaí
Beocheist: "Fáilte go Baile Átha Cliath, a bhráithre scartha, fáilte
romhaibh go dtí bhur n-ardchathair!
Cuireann muidne atá ag tnúth le hÉirinn aontaithe amach anseo, muidne
a chreideann i soiscéal bunaidh Wolfe Tone, na múrtha fáilte romhaibh.
Ba bhreá linn dá mbeadh sibh ar bhur gcom****d inár measc.
"Teastaíonn uainn a léiriú daoibh nach bhfuil aon chúis eagla agaibh,
nach ndéanfar dochar daoibh agus nach bhfuil aon bhunús leis an imní
atá oraibh fúinn. Tá an seicteachas fágtha againne inár ndiaidh. Ní
eireaball de chuid na Róimhe a thuilleadh muid.
"Tá a fhios againn nach n-aontaímid leis an dearcadh polaitiúil atá
agaibhse agus nach n-aontaíonn sibhse linne ach bíodh saoirse againn
an dearcadh sin a chur in iúl go poiblí i gceachtar cuid d'Éirinn."
Nárbh iontach dá n-imeodh na léirsitheoirí Love Ulster as an
ardchathair Dé Sathairn leis an teachtaireacht sin dá gcomharsana?
Is í sin a deis a cailleadh faraor nuair a thosaigh dream scabhtaeirí
círéib i lár Shráid Uí Chonaill sula raibh seans ag an mháirseáil Love
Ulster coiscéim a ghlacadh.
Bhí gach ceart ag na dílseoirí seo agus a gcuid buíonta ceoil an
léirsiú seo a chur ar siúl. Bhí cead faighte acu ó na húdaráis agus
bhí an Rialtas sásta gur léirsiú dáiríre a bhí ann seachas iarracht ar
achrann a tharraingt.
Ba í an aidhm a bhí taobh thiar de aird phobal an Deiscirt a
tharraingt ar a raibh fulaingthe ag Protastúnaigh le linn fheachtas an
IRA agus bhí gaolta cuid de na daoine a maraíodh le bheith páirteach
ann.
Nach iomaí sin máirseáil agus léirsiú atá feicthe againn sa Tuaisceart
chun cás na n-íobartach Caitliceach a léiriú?
Bhí gach ceart freisin ag daoine nár aontaigh leis an agóid seo
léirsiú ina haghaidh a chur ar siúl agus é sin a dhéanamh go
síochánta.
Ní fios fós an de réir pleanála a cuireadh tús leis an bhforéigean
agus, ar bhealach, is saothar in aisce é a bheith ag iarraidh an
milleán a roinnt.
Is leor a rá gur tháinig daoine áirithe, a chreideann gur poblachtaigh
iad ach nach bhfuil tuiscint dá laghad acu ar bhunphrionsbail an
phoblachtachais, chun tosaigh i Sráid Uí Chonaill agus gur léir go
raibh sé d'aidhm acu gan ligint don mháirseáil Love Ulster dul ar
aghaidh.
Ina dhiaidh sin, tháinig scabhtaeirí óga na cathrach ar an láthair
agus b'iad a bhí sásta cur leis an ainriail agus leis an damáiste.
Gan dabht, chuaigh cuid de na daoine a chuir tús leis an gcíréib
abhaile sásta go raibh lá maith oibre déanta ar son na poblachta. Nár
mhór an gaisce é nár ligeadh do bhuíonta Oráisteacha siúl thar mhosc
rónaofa Ardoifig an Phoist áit a léadh forógra na saoirse 1916 inar
gealladh go gcothófaí gach leanbh den náisiún go cothrom?
An bhfuil aon chearta ag leanaí na nOráisteach? I ndiaidh an
tSathairn, tá sé sin in amhras.
Bhí an tuairim ann b'fhéidir gur capall an Traoi a bhí sa léirsiú seo
- is é sin go mbainfí úsáid as cás na n-íobartach chun máirseáil
Oráisteach traidisiúnta a chur síos Sráid Uí Chonaill agus ansin chun
é sin a úsáid mar armlón san argóint ar son máirseálacha conspóideacha
sa Tuaisceart.
Ach, déanann an dearcadh sin neamhaird den mháirseáil Oráisteach a
bhíonn i Ros Neamhlach, Co Dhún na nGall, gach bliain, rud nach
ndéanann aon difríocht san argóint faoi Bhóthar Garbhachaidh.
Dhealródh sé go bhfuil mullahs dár gcuid féin againn fós a inseoidh
dúinn cad é is ceadmhach don bpobal a fheiceáil agus a bhíonn ag
eisiúint fatwahanna ar ár son.
Tubaiste agus tragóid a tharla i Sráid Uí Chonaill Dé Sathairn cé nár
maraíodh duine ar bith ann. Ní háibhéil ar bith é sin a rá. An rud atá
ráite, tá sé ráite agus an rud atá déanta, tá sá déanta. Ní bheidh
fágtha den lá sin i gceann tamaillín ach cuimhne an áir agus an
scriosta.
Déan iarracht anois á rá le pobal aontachtach an Tuaiscirt go bhfuil
áit ann dóibh sa Stát seo, go gcaomhnófar a gcultúr agus a gcearta, go
mbeidh meas ar a saintréithe mar phobal.
Is í an teachtaireacht a chuaigh abhaile leis na dílseoirí Dé Sathairn
go bhfuil cead ag na mílte eachtrannach as gach tír ar domhan a
gcultúr a léiriú i mBaile Átha Cliath ach nach bhfuil cead ag
comh-Éireannaigh Oráisteacha.
Cad é a dúirt David Trimble faoin Tuaisceart a bheith ina "cold house
for Catholics"?
Fágadh teachtaireacht Wolfe Tone faoi faoi charn smionagair i Sráid Uí
Chonaill Dé Sathairn agus tógfaidh sé a lán ama an smúit agus an
puiteach a ghlanadh di.
Anteangabheo, The Irish Times
http://www.ireland.com/newspaper/anteangabheo/2006/0228/3945786868HM4BEO28FEB.html
(subscription)


|